Rí Na Mara as Gaeilge

Tá mé i mo chonaí ar an Spidéal i gConamara, bhí mé tógtha leis an dúlra, leis an tírdhreach álainn agus leis an saibhreas feamainne atá ar fáil ar chósta an Iarthair. Bhí cur amach agam ar an dúlra agus ar an luach teiripeach a bhaineann leis an bhfeamainn, an líon cothrom de chothaitheacha, vitimíní agus mianraí atá gníomhach inti, rud a chuireann go mór le feidhmiú fiseolaíoch an chraicinn.

Bhí mé paiseanta riamh faoi airechraiceann nádúrtha, tar éis oibriú mar altra fóirne in aonad Deirmeolaíochta i Londain. Rinne mé staidéar chomh maith ar Eolaíocht Chosmaideach agus bhí spéis ar leith agam i gcóireálacha nádúrtha do choinníollacha craicinn ar nós eczema agus psoriasis . Leis an taithí seo, chomh maith le heolas m’fhear chéile ar an uisceshaothrú, d’éirigh linn réimse airechraiceann ar leith a fhorbairt.

Fuair muid amach go raibh na spéicis chéanna feamainne a raibh taighde déanta againn orthu ag fás go rathúil amach ó chósta thiar na hÉireann, gnáthóg shaibhir agus nádúrtha feamainne. Déantar an fheamainn lámh ghearrtha Ascophyllum nodosum dúlamán Feamainn Bhuí , Laminaria digitata Leathraighe, Carraigín, Fucus Serratus Dulamán, Palmaria Palmata Dilli SK , Fucus Vesiculosus Bladderwrack a chomhlánú leis na comhábhair luibheolaíocha is fearr.

I 2004 sheolamar Rí Na Mara – Cosmaidí Feamainne na hÉireann. Agus muid lonnaithe sa nGaeltacht bhí sé tábhachtach dúinn go mbeadh ainm Gaeilge ag an gcomhlacht agus an Ghaeilge a chur chun cinn sa bhrandáil. Is í ár n-aidhm ná táirgí áilleachta atá déanta in Éirinn le comhábhair atá foinsithe in Éirinn a chur ar fáil don tomhaltóir a ligfidh dóibh dul i dtaithí ar an sochar iomlán Vitimíní A , B , C , D , E , Próitéiní , Aimín Aigéid chomh maith le bailiúchán saibhir de mhianraí , iarann , Cailciam , Iaidín mar atá go léir sa bhfeamainn . Tá na táirgí saor ó cheimiceáin, Parabens, GMO agus díorthaigh ainmhithe.

Is gnó teaghlaigh é Rí na Mara agus tá sé faoi úinéireacht Éireannach. Tá an gnó ag fás ó bunaíodh é agus tá an chlann ar fad ag tabhairt cúnamh anois go fonnmhar . Comhlacht ar leith é Rí na Mara agus é lonnaithe i gcroílár Chonamara le tránna agus sráidbhailte áille. Cruthaíonn sé táirgí ar leith atá déanta in Éirinn. Cuimsíonn an timpeallacht bhreá ina bhfuil muid suite ár bhfealsúnacht agus ár luachanna mar atá an inbhuanaitheacht, foinsiú feamainne áitiúil, áilleacht nádúrtha mar aon le stíl mhaireachtála shláintiúil. Táimid an-bhródúil as ár mbaile i gConamara chomh maith lenár dteanga, cultúr agus oidhreacht.

Déanann Rí na Mara urraíocht ar Gradaim Chumarsáide, Traidphicnic An Spidéal agus roinnt mhaith eile.